29th May 2015
Déanfar oilithreacht ársa Dhoire a cheiliúradh ar Lá Fhéile Colmcille an 9 Meitheamh 2015. Tá cuntas ar an oilithreacht seo le fáil in Beatha Cholmcille le Mánas Ó Dónaill (1532). Rinneadh a athnuachan in 2013 den chéad uair le 400 bliain. Cuirfear fáilte roimh gach duine, idir mhuintir na háite agus chuairteoirí, a bheith páirteach leis na manaigh agus an lucht ceoil sa turas gearr an-suimiúil seo ó chúl Halla an Bhalla, áit a raibh Phort na Long, go dtí an Teampall Mór.
5.30 p.m. Cruinneoidh lucht na hoilithreachta ag Port na Long (taobh thiar de Halla na Cathrach) agus siúlfaidh siad suas Cosán na nOilithreach, meirgí ar foluain agus iomainn á gceol agus píobaireacht á seinm.
Stad: Eaglais Naomh Aibhistín. Creidtear gur anseo a thóg Colmcille a chéad mhainistir. Ceiliúrfar traidisiún cheol diaga na Gaeilge ag tosú ar theacht do na hoilithrigh (thart ar 5.45 p.m.) Le Jim O’Hagan & David Gamble (píobairí), Nollaig Ní Bhrollaigh & Cairde (cruitirí), Cór an Grianáin agus léitheoirí: Mary Murphy & Risteard Mac Gabhann
6.45 p.m. An Stad Deireanach: Áras Cholmcille, An Túr Fada: suíomh An Teampall Mór. Ceol ó Chór an Ghrianáin.
7.00 p.m. Críoch na hoilithreachta.
Great Glen House
Leachkin Road
Inverness
Scotland, IV3 8NW
(+44) 01463 225454
colmcille@gaidhlig.scot
Foras na Gaeilge, 2-6 Queen Street
Belfast
Northern Ireland
BT1 6ED
(+44) 028 9089 0970
colmcille@forasnagaeilge.ie
Foras na Gaeilge, An Chrannóg
Na Doirí Beaga
Gaoth Dobhair
Donegal, Ireland. F92 EYT3
(+353) 074 9560113
colmcille@forasnagaeilge.ie