Ar an 7 Nollaig a dhéantar lá breithe Naomh Colmcille a cheiliúradh.
Ar an 7 Nollaig a dhéantar lá breithe Naomh Colmcille a cheiliúradh. Ní fios cén uair a cuireadh tús leis an traidisiún sin – ní raibh teastais bhreithe in Éirinn sa séú céad. Chuir Mánus Ó Dónaill críoch ar a leabhar mór faoin naomh sa bhliain 1532, de réir an leabhair sin ba
“Ar an tseachtú lá de mhí mheán an Gheimhridh [Mí na Nollag] a rugadh Colmcille … agus, an séasúr ar tháinig sé chun an tsaoil d’fhóir sé dá bheatha, nó bhí sin aige fuacht agus dorchadas, pian agus aithrí agus é ag tabhairt cruatan agus anacair ar an cholainn féin”.
Ag an am ar rugadh é ní bheadh ábhar lena mheas go mbeadh beatha aige a mbeadh cuimhne ar leith air, ná ábhar dá réir sin le cuimhne a choinneáil ar lá a bhreithe. Tá fianaise níos láidre faoi dháta a bháis, an 9 Meitheamh i ndiaidh saol a bhí lán d’eachtraí a raibh cuimhne orthu. Na taifid staire a bhaineann leis an mheánaois luath, tá siad gann, agus ní réitíonn siad le chéile. Ní aontaíonn na foinsí fiú faoin bhliain inar rugadh é: luann siad 518, 519, 521 agus 523. Ba ghnáth comhthuiscint a bheith ann gur rugadh é sa bhliain 521. Ach éilíonn an Dr Daniel McCarthy, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath gur dócha gur 520 bliain a bhreithe. Is dócha gurb é an 7 Nollaig 2018 chothrom 1498 bliain ó rugadh Colmcille, nó an 1497ú bliain más fearr leat an dáta a bhí i réim.
Tá seanchas níos úire ná sin a mhaíonn gur rugadh an naomh ar an Déardaoin, ach thit an 7 Nollaig 520 ar an tSatharn, cé gur thit sé ar an Déardaoin go fíor sa bhliain 519. Rinneadh leasú agus coigeartú ar an fhéile ón 6ú céad; sa mheánaois ba é an 25 Márta tús na bliana úire ní an 1 Eanáir, agus tá bíonn éiginnteacht le croineolaíocht na meáaoise. Is minic an Déardaoin luaite le Colmcille sa bhéaloideas, go háirithe in Inse Gall. Is dócha go bhfuil meascadh ansin idir an béaloideas faoi Cholmcille, agus an béaoloideas a bhainann leis an dia Lochlannach Thor. Tháinig Lochlanna a chónaí san hoileáin seo agus an chléir Chríostaí a thug chun na Críostaíochta iad, bhí siad oilte sna traidisiúin a bhain le Colmcille. Os a choinne sin, tá creidimh faoi Cholmcille agus an Déardaoin le fáil i dTír Chonaill, mar a léiríonn an rann seo thíos faoina bhreith i nGartán. Cuireann Mánus Ó Dónaill an rann i mbéal Naomh Pádraig a dhéanann fáidheadóireacht do Naomh Bríd:
Dardaín breith Coluim Cille
A nGartan uasal ainglidhe,
Dár indis Pádraig na fledh
Do Brighid re ndul ar nem. Brian Lacey