Colmcille Logo White
  • /
  • Maolcholaim Scott

Author: Maolcholaim Scott

Slí Cholmcille i gclár faisnéise BBC

Beidh an tírdhreach agus an oidhreacht spioradálta iontach atá ag Dún nan Gall agus Doire á gcur os comhair lucht éisteachta domhanda nuair a rachaidh clár faisnéise a bhfuil Slí Cholmcille mar pháirt de amach an Aoine bheag seo agus an chéad dá Aoine eile ag 9pm. Ar feadh na gcéadta bliain, tá lucht oilithreachta ag leanstan coiscéimeanna lucht físe reiligiúnda thart ar an domhan agus iad ag iarraidh treoir dá saol spioradálta féin. Anois tá Dún nan Gall agus Doire ag cur cuireadh ar lucht oilithreachta sa bhaile agus thar lear eolas a chur ar thír chreagach fhiáin an iarthuaiscirt, agus aidhm ag Slí Cholmcille a háit a aimsiú i measc oilithreachtaí móra an domhain.

“The Pilgrimage: the Road to the Scottish Isles” an teideal atá ar an chlár faisnéis

e ina mbeidh seachtar de dhaoine cáiliúla ag dul ar oilithreacht cúig lá déag tríd Éirinn agus Albain. Ag tosú i nDún nan Gall, leanfaidh an seachtar oilithreach coiscéimeanna Naomh Cholmcille, figiúr lárnach sa luath-Chríostaíocht in Éirinn agus sa Bhreatain a chuidigh an creideamh a leathnú as Éirinn go hAlbain agus níos faide ar shiúl. Is iad na hoilithrigh cháiliúla sa chlár: an dearthóir intí agus pearsa teilifíse, Laurence Llewelyn-Bowen, a thugann ‘páganach neamh-cheartchreidmheach’ air féin, Monty Panesar, Suíceach a chleachtann a chreideamh, Lousia Clein, aisteoir atá ina Giúdach, Nick Hewer, pearsa teilifíse agus agnóisí de chúlra Caitliceach, Scarlett Moffatt, láithreoir teilifíse, tionchaire podchraolta agus bean ghrinn ar Críostaí í, Shazia Mirza, Moslamach, agus Para-olaimpeach, Will Bayley, Críostaí a d’fhág an creideamh ina dhiaidh.

Slí Cholmcille cruinniú le Charlie McConalogue · an tAire Talmhaíochta Bia agus Mara, TD. agus ó chlé an tEaspag Alan McGuickan, Anne McGowan, Seamus Neely agus Brian McGarvey. Pic  – Clive Wasson

Chun tosaigh ar an chéad chraoladh, thug Charlie McConalogue, Aire Tamhaíochta, Bia agus Mara cuairt ar Ghartán, áit bhreithe Cholmcille. “Is iontach Slí Cholmcille a bheith a chur i láthair lucht éisteachta domhanda mar seo”, a dúirt an tAire McConalogue. “Cuireadh cuid mhór oibre isteach sa tionscadal seo á chinntiú go mbeidh nasc idir na bailte agus an tuath, agus go go n-inseofar gach cuid de scéal Naomh Colmcille nó Columba. Is féidir le hoilithrigh dul trí áit bhreithe Cholmcille, Gartán, agus a scéal a leanstan chomh fada leis an tSrúibh ar chósta thoir Inis Eoghain, mar ar chríochnaigh na siúlóidí i 2020 agus 2021, agus mar ar chuir Colmcille tús ar a thuras go hAlbain. Ba mhaith liom comhghairdeachas a ghabháil le coiste Shlí Cholmcille as a gcuid oibre go léir go dtí seo ag cur chun cinn an tionscnamh seo a tharraingeoidh tuilleadh turasóireachta go fóill chun na dúiche.”

Bhí an tEaspag McGuckian ina cheann feadhna ag an lucht oilithreachta ar shiúlóidí ar an tslí de 270 ciliméadar i 2020 agus 2021.
“Is bealach iontach an oilithreacht seo ar onóir a thabhairt do Naomh Colmcille nó Saint Columba, a bhí ar na daoine ba mhó tionchar i leathnú na Críostaíochta. Rugadh é i nGartán i 521 AD agus thaistil sé fada fairsing in Éirinn agus in Albain ag bunú mainistreacha agus ag craobhscaoileadh briathar Chríost. Tá a oidhreacht ag lonrú go geal go fóill inniu, agus tá lúcháir orainn go bhfuil na hoilithreachtaí, na cosáin agus na láithreacha móra a bhaineann lena scéal ró-iontach á dtaispeáint ar ardán idirnáisiúnta.
Aistear fairsing is ea Slí Cholmcille a thugann rogha de raonta agus de thúsphointí. Tá oidhreacht shaibhir den luath-Chríochtaíocht i nGleann Cholm Cille agus fá Bhaile Dhún nan Gall, mar a dtéann oilithrigh an BBC i gceann a n-oilithreachta. Tá an bealach oiriúnach do thosaitheoirí agus do shiúlóirí déanta, do dhaoine atá ag siúl ina n-aonar nó ina ngrúpa. Féadann na hoilithrigh leas a bhaint as eispéiris éagsúla, cuir i gcás turas go hOileán Thoraí, eolas a chur ar Pháirc Foraoise na hArdadh, nó spaisteoireacht i dtimpeallacht álainn Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha roimh theacht go baile cónaithe mhuintir an Naomh i nGartán

Dúirt Anne McGowan, Rúnaí Shlí Cholmcille, comhlacht teoranta, “Seo am iontach do Shlí Cholmcille, agus táimid ag dréim go mór leis an chlár faisnéise a fheiceáil an deireadh seachtaine seo. Tá súil againn go mbainfidh daoine an leas is fearr as na deiseanna a chuireann Slí Cholmcille ar fail, le go bhfoghlaimeoidh siad tuilleadh faoi Naomh Colmcille, agus faoin thionchar a bhí aige ar na hoileáin againn, agus go mbeidh faill agaibh sibh féin a thumadh sa tírdhreach álainn seo agus machnamh a dhéanamh.”

Tá Slí Cholmcille ina slí chiansiúlóide agus oilithreachta, ina slí oidhreachta agus ina slí idir pobail Ghaeilge ana hÉireann agus na hAlban. Is féidir tuilleadh eolais faoin tslí chiansiúlóide a fháil ag www.slicholmcille.org, nó scríobh chuig runai@slicholmcille.org. Tá eolas faoi ghnéithe eile den tslí ag www.colmcille.org.

 

 

Naomh Adhamhnán agus coinbhinsiúin na Ginéive

Is é an 23 Méan Fómhair Lá Fhéile Adhamhnáin. Céad bliain i ndiaidh Cholmcille, ba é Naomh Adhamhnán 9ú ab Í. Ba é a scríobh Beatha Cholm Cille i Laidin, agus a thug cuntas ar mar a thug Colmcille rí Dhál Riada agus rí Chineál Chonaill le chéile ag comhdháil Dhroim Ceat, go ndearna sé síocháin eatarthu agus gur bhain sé saoirse amach do phríosúnach.

Labhair Adhamhnán le daoine as tíortha éagsúla le chéile thug sé cuairt ar ríthe agus ar chléir. Idir taidhleoireacht agus, tháinig sé ar bhealach úrnua le cur in éadan foréigin. Tá nuacht go fóill ann corradh agus 1400 míle bliain i ndiaidh a bháis. Tá leabhar amuigh i mbliana ag an dlíodóir agus staraí James W. Houlihan a rianaíonn an scéal agus na cosúlachtaí láidre atá aige le Coinbhinsiúin na Ginéive a chuir dúshraith faoin dlí idirnáisiúnta i ndiaidh an dá chogadh dhomhanda san fhichiú céad.Labhair Adhamhnán le daoine as tíortha éagsúla le chéile thug sé cuairt ar ríthe agus ar chléir. Idir taidhleoireacht agus, tháinig sé ar bhealach úrnua le cur in éadan foréigin. Tá nuacht go fóill ann corradh agus 1400 míle bliain i ndiaidh a bháis. Tá leabhar amuigh i mbliana ag an dlíodóir agus staraí James W. Houlihan a rianaíonn an scéal agus na cosúlachtaí láidre atá aige le Coinbhinsiúin na Ginéive a chuir dúshraith faoin dlí idirnáisiúnta i ndiaidh an dá chogadh dhomhanda san fhichiú céad.

In aimsir Adhamhnáin bhí ríthe go fóill ag cur cogadh ar a chéile. Thuig Naomh Adhamhnán nárbh fhéidir deireadh a chur le cogadh ar fad. Ach ba mhian leis srian a chur leis an foréigean, go háirithe le foréigean in éadan mná agus páistí agus daoine nach raibh ag troid.

Sa bhliain 697 thug Adhamhnán ríthe agus abaí , easpaig agus ceannairí eaglasta le chéile ag Biorra in Uíbh Fháile. Chuidigh Rí na Teamhrach leis D’fhógair an chomhdháil dlí úrnua Cáin Adhamhnáin idir ríochtaí agus eaglaisí ó Bhiorra go hAlbain agus fiú mainistir Lindisfarne i dtuaisceart Shasana. Chuir 91 rí agus easpag agus ceannaire eaglasta a n-ainm leis. Ina measc bhí ab Ard Mhacha, rí na Teamhrach, rí Dhál Riada in Éirinn agus Bruide, rí na gCruithneach in Albain. Thug an dlí seo cosaint do mhná agus páistí agus cléir in am cogaidh. Ní dhearnadh a leithéid eile de dhlí idirnáisiúnta go dtí Coinbhisiúin na Ginéive nuair a tháinig tíortha le chéile i ndiaidh an dá chogaidh dhomhanda, os cionn 1400 bliain ina dhiaidh sin. Is é an cur chuige céanna atá taobh thiar de na coinbhinsiúin ar Athrú Aeráide. Gu ba fada buan, agus go mba rathúil, tionchar Adhamhnáin!

James W. Houlihan (2020): Adomnán’s Lex Innocentium and the Laws of War, Dublin, Four Courts Press

 

 


FnaG
BnaG
Nhún na nGall
Derry City
Oideas Gael
Museum Nan Eilean
Comunn Eachdraidh Nis
Argyll Bute
colmcille
colmcille 1500

Bòrd na Gàidhlig

Great Glen House
Leachkin Road
Inverness
Scotland, IV3 8NW

(+44) 01463 225454
colmcille@gaidhlig.scot

Colmcille

Foras na Gaeilge, 2-6 Queen Street
Belfast
Northern Ireland
BT1 6ED

(+44) 028 9089 0970
colmcille@forasnagaeilge.ie

Colmcille

Foras na Gaeilge, An Chrannóg
Na Doirí Beaga
Gaoth Dobhair
Donegal, Ireland. F92 EYT3

(+353) 074 9560113
colmcille@forasnagaeilge.ie