Skip to main content
Colmcille Logo White

8.3 Shandwick

Tá an leac chroise ag Shandwick clúdaithe le siombailí Críostaí. Is léiriú é ar Chríostaíocht na gCruithneach seachas leac a nascann dearthaí pagánacha agus reiligiúnacha.

Gach seans go raibh roinnt lonnaíochtaí mainistreach feadh an chósta seo faoi smacht ag an mhainistir mhór ag Port MoChalmaig in aice láimhe.

Clach a’Charaidh (cloch láthair na n-uaigheanna) a thugtar air seo.

Tá sí ina luí achar beag isteach ón fharraige agus tá scáthlán gloine thart uirthi lena caomhnú. Deirtear gur chomhartha talún a bhíodh ann ag mairnéalaigh ar a n-aistear feadh an chósta.

Tá an chros comhdhéanta de chabhradh ciorclach agus tá sí timpeallaithe le bíseanna comhghlásáilte. Trasna dhromchla na cloiche, tá nathracha comhshnaidhmthe corntha thart ar a chéile.

Bhí suntas reiligiúnda ag baint leis na nathracha seo – tá baint acu leis an olc agus le cathú Ádhaimh agus Éabha. Sna Meánaoiseanna, sheas nathracha don athbhreith agus don athghiniúint chomh maith toisc go dtochlaíonn siad síos faoin talamh agus go dtagann siad aníos arís i ndiaidh dóibh an seanchraiceann acu a chur díobh.

© Alan Sproull
© Alan Sproull

Tá cúig phainéal de mhaisiúchán ar dhroim na cloiche. I measc na snoíodóireachtaí tá péisteanna, radhairc sheilge, fir ar mhuin capaill, claíomhóirí i mbun troda agus sealgaire agus crosbhogha ar iompar aige.

  • 8.1 Ionad an Tairbeirt, Port MoChalmaig

    Idir 1994 agus 2007, rinne seandálaithe an ceantar a thochailt timpeall theampall Naomh Colmáin ag Portmahomack ag barr Tarbat Ness. Tháinig siad ar lonnaíocht mhanachúil fhairsing a dhátaíonn siar go dtí an 6ú haois dhéanach. I Lárionad Fionnachtana Tarbat insítear scéal na lonnaíochta Críostaí seo agus faoin dóigh ar tháinig...

  • 8.2 Hilton of Cadboll

    Tá mórán gallán in Tarbat Ness a thugann léargas ar scil ealaíonta agus ar chreideamh Críostaí an phobail Chruithnigh a shnoigh iad. Is féidir gur mharcáil na galláin teorainn na dtailte a bhí faoi smacht ag an mhainistir in Portmahomack. Is macasamhail an leac chroise ag Hilton of Cadboll den...

  • 8.3 Shandwick

    Tá an leac chroise ag Shandwick clúdaithe le siombailí Críostaí. Is léiriú é ar Chríostaíocht na gCruithneach seachas leac a nascann dearthaí pagánacha agus reiligiúnacha. Gach seans go raibh roinnt lonnaíochtaí mainistreach feadh an chósta seo faoi smacht ag an mhainistir mhór ag Port MoChalmaig in aice láimhe. Clach...

  • 8.4 Gallán Nigg

    Tá Gallán Nigg ar cheann de na galláin shnoite Chruithneacha is fearr dá bhfuil ann. Rinneadh é a shnoí thart ar 800IC – nó níos luaithe, b’fhéidir – agus tá se clúdaithe le siombailí Críostaí. Bunaithe ar shonraí ar an ghallán shnoite seo, is léir go raibh dlúthbhaint idir manaigh...

  • 8.5 Creag Phádraig

    Is cnoc faoi choillte í Creag Phádraig ar imeall Inbhear Nis. Leantar an cosán suas an cnoc go bhfeicfidh tú iarsmaí, más fíor, dhún Brude Rí. TuganN Adhamhnán, beathaisnéisí Cholmcille, cuntas ar chuairt a thug an naomh ar Brude Rí, rí Cruithneach, ag a dhún áit éigin gar d’Abhainn Nis...

  • 8.6 Clocha Cruithneacha Eile Taobh ó Thuaidh d’Inbhear Nis

    Fiosraítear stair na gCruithneach feadh an chósta thoir ó Inbhear Nis ó thuaidh. Bealach Cruithneach na nGarbhchríoch Bealach ina ndírítear ar 17 suíomh ina bhfuil clocha Cruithneacha, ó Inbhear Nis go Dún Róibín gar do Golspie. Catalóg de Chlocha Cruithneacha ag Músaem agus Dánlann Inbhear Nis Sa chatalóg tá liosta...


FnaG
BnaG
Nhún na nGall
Derry City
Oideas Gael
Museum Nan Eilean
Comunn Eachdraidh Nis
Argyll Bute
colmcille
colmcille 1500

Bòrd na Gàidhlig

Great Glen House
Leachkin Road
Inverness
Scotland, IV3 8NW

(+44) 01463 225454
colmcille@gaidhlig.scot

Colmcille

Foras na Gaeilge, 2-6 Queen Street
Belfast
Northern Ireland
BT1 6ED

(+44) 028 9089 0970
colmcille@forasnagaeilge.ie

Colmcille

Foras na Gaeilge, An Chrannóg
Na Doirí Beaga
Gaoth Dobhair
Donegal, Ireland. F92 EYT3

(+353) 074 9560113
colmcille@forasnagaeilge.ie