Yeats Memorial
Yeats Memorial in the park
Yeats Memorial in the park
The sugar Club Caberet
My local bar
this is the modus office
Tá Teampall na Trianaid suite ar dhumha in aice le sráidbhaile Chàrinis. Tá radhairc siar uaidh ar reo oileáin íseal Bhaile Sear.
Is iad iarsmaí Theampall na Trianaid is mó atá le feiceáil ar an suíomh. Is cosúil go raibh sraith lonnaíochtaí ar an suíomh seo sular tógadh an teampall anseo go luath sa 13ú haois.
De réir Leabhar Chlainn Raghnaill ba le Beathag, Banphrióir Oileán Í, Teampall na Trianaid. B’iníon í le Somerled í rí Lochlannach ar Inse Gall nó Rí Inse Gall sa 12ú haois. Scríobh Niall MacMhuirich Leabhar Chlainn Raghnaill sa 17ú haois. Tá sé ar cheann de na leabhair Ghaeilge na hAlban is luaithe dá bhfuil ar eolas agus tugann sé dearcadh Gaelach ar chúrsaí na linne
Meastar gur chuir Amy MacRuairi (c.1350-1390) leis an suíomh go mall sa 14ú haois. Bhí Amy pósta ar Iain, Tighearna nan Eilean.
Tá balla cloiche thart ar an teampall agus an reilig. Tá teampall eile, – Teampull Clann a’ Phiocair (Mac an Bhiocáire) – ar an taobh ó thuaidh den phríomhtheampall. Is féidir go mbaineann an foirgneamh leis an 16ú haois agus gur úsáideadh mar theach sagairt é. Úsáideadh é ina dhiaidh sin mar ionad adhlactha do Chlann scoláirí a’ Phiocair.
De réir an bhéaloidis, is cosúil gur ionad léinn é an suíomh ó na meánaoiseanna luatha. Sa 14ú haois deonaíodh é do Mhainistir Innis Aifrinn i Siorrachd Phairt ach, faoin 16ú haois, bhí sé faoi rialú Ab Oileán Í.
Sa bhliain 1601, troideadh cath ag Càrinis idir na Dòmhnallaich háite agus Clann ‘IcLeòid Na Hearadh. Agus tú ag siúl i dtreo shuíomh an teampaill, trasnaíonn tú claí a dtugtar Fèith na Fala – Díog na Fola – air. Le linn an chatha, is cosúil gur úsáideadh tailte an teampaill mar thearmann d’ainmhithe agus do ghiuirléidí
Tá baile Thobha Mòr – nó Howmore – ina luí idir an príomhbhóthar thuaidh-theas ar Uibhist a Deas agus an trá atá ar chuid mhór de imeall an oileáin.
Istigh i measc na dtithe ceann tuí i dTobha Mor tá fothrach teampaill agus ceithre shéipéal. Agus é ag scríobh sa bhliain 1703 in ‘A Description of the Western Isles of Scotland’ luann Martin Martin go raibh teampall acu seo tiomnaithe do Cholmcille agus teampall eile do Naomh Muire. Thángthas ar leac ar an suíomh seo ina raibh cros ghreanta, a léiríonn gur féidir go raibh adhradh Críostaí anseo sa 9ú haois.
Sa lá atá inniu ann is é balla thoir Theampall Mòr Naomh Muire, a tógadh sna 1200í mar an teampall paróiste áitiúil, an fothrach is mó atá fágtha. Tá dhá fhuinneog ón teampall bunaidh sa bhalla. Agus tú ag amharc siar tig leat an suíomh a bhíodh ag an teampall a fheiceáil – thart ar 20 méadar ar fhad.
Ar chúl bhalla Theampall Mòr tá reilig ann a bhfuil balla cloiche ón 19ú haois thart uirthi. Taobh istigh den limistéar faoi bhallaí tá balla séipéil eile atá ina bhallóg – Caibeal Dhairmaid. Is cosúil go raibh sé 5.7 méadar ar leithead agus 17 méadar ar fhad.
I gcoirnéal thall na reilige tá Caibeal (Séipéal) Chlann ‘ic Ailein ó 1574. Sheas cloch Chlann Raghnaill i gcuimhne ar Iain Mùideartach – Taoiseach Chlainn Raghnaill sa 16ú haois dhéanach – sa séipéal tráth ach anois tá sí i Músaem Chill Donnain díreach ó thuaidh ar Daliburg ar an A865 roimh an chasadh go Loch Baghasdal.
Ar an taobh theas de Theampall Mòr tá iarsmaí Chaibeal Dubhghaill.
Amhail cuid mhaith ceantar cósta ar an chuid seo de Shlí Cholmcille, tháinig athrú ollmhór ar an tírdhreach le himeacht aimsire. Nuair a tógadh Teampall Mor, is cosúil go raibh talamh riascach thart air amhail is gur oileán a bhí ann.
Agus é ag scríobh sa bhliain 1703 cuireann Martin Martin síos ar an teanga bhí á labhairt anseo:-
‘The Natives speak the Irish tongue (Gaelic) more perfectly here than in most of the other Islands; partly because of the remoteness, and the small number of them that speak English, and partly because some of ‘em are Scholars and vers’d in the Irish language’
Is brú óige anois é ceann de na tithe ceann tuí i dTobha Mor.
Tá an teampall meánaoiseach seo, atá ina bhallóg, suite i reilig atá in úsáid go fóill. Bhí an teampall dronuilleogach agus is léir go raibh díon ardchlaonta air. Is cinnte go raibh na ballaí i bhfad níos airde – is féidir barr an dorais a fheiceáil sa bhalla thiar.
De réir an bhéaloidis, suíomh clochair a bhí ann a raibh baint aige le mainistir ón 12ú haois in Oileán Í agus ba gharmhac le Somerled, a raibh a chomharbaí i réim ar Inse Ghall anall go dtí go mall sa 15ú haois, a thug an talamh.
Is é Teampull Mhuire an t-aon suíomh luath-Chriostaí ar Benbecula atá in úsáid go fóill. Sa 19ú haois, thángthas ar chlog láimhe anseo – a raibh bunús eaglasta leis b’fhéidir – ach ní fios cá bhfuil sé inniu.
Is é seo an teampall meánaoiseach is mó in Inse Gall Amuigh. As measc na dteampall uile ar oileáin iarthar na hAlban, is é an teampall ar Oileán Í an t-aon cheann amháin is mó ná é. Tógadh sa 16ú haois é ach táthar den bharúil go mb’fhéidir go raibh mainistir níos sine ar an suíomh. Rinne Catherine Herbert, cuntaois an Dúin Mhóir, an teampall a athchóiriú sa bhliain 1873.
Ba é Naomh Cliamainn pátrún na mairnéalach ach níl ach dornán teampall tiomnaithe dó sa chuid seo d’Albain.
Tá Tùr Mòr Chliamainn iomráiteach mar gheall ar thuama cloiche mionsnoite Alasdair MhicLeòid , 8ú Ceann Cinnidh nó Taoiseach Na Hearadh agus Dhún Bheagain (An tOileán Sgiathanach), a thóg an teampall. Rinneadh an tuama stuach sa bhliain1528 roimh a bhás am éigin idir 1545 agus 1547.
Riamh anall go dtí 1495, ba ar Oileán Í a cuireadh Tiarnaí na nOileán. Ach, ansin, bhí ar gach taoiseach a tuama a thógáil ar a dtalamh féin. Is féidir gur fostaíodh an chléir a chónaigh anseo le guí ar son anam MhicLeòid.
Tá tuama Alexander MacLeod snoite le híomhánna as Bhíobla agus as a shaol féin – na haspail; aingil; Críost ar an chros; easpaig; radharc seilge ina bhfuil ridire agus dhá charria; bìrlinn – rámhlong; agus caisleán (Dún Bheagain is cosúil). Tá samhail d’Alasdair faoi chathéide ina luí ar an taobh thíos.
Tá roinnt leac uaighe snoite ann chomh maith, snoíodóireachtaí cloiche agus cros ón mhéanaois dhéanach ina suí san fhuinneog os comhair an dorais isteach.
Tá túr Chliamainn ag an cheann thiar den eaglais agus is féidir dul suas ann ar staighre dorcha cloiche. Is féidir na leibhéil uachtaracha a bhaint amach de dhréimire.
Tá roinnt snoíodóireachtaí cloiche ar an taobh amuigh den túr lena n-áirítear an íomhá seo d’fhear a bhfuil filleadh mór luath air. Is píosa mór éadaigh é seo a chlúdaigh an corp ar fad seachas an cineál atá ann inniu ón choim síos.
Tá aghaidh Theampall an Taobh Tuath ag breathnú ó dheas amach ar Chaolas Na Hearadh i dtreo Uidhist.. Tá sé suite ar cheann tíre beag – Rubha an Teampull – ag bun Bheinn Cheapabhail.
Tá an teampall suite in áit álainn agus tá siúlóid 2.5 ciliméadar ar thalamh féarmhar i gceist le dul ann.
Is teampall meánaoiseach déanach é a tógadh ar shuíomh brugha (foirgneamh cruinn cloiche) Iarannaoise a bhí 16.5 méadar ar trastomhas. Is cosúil gur úsáideadh cuid de na clocha céanna arís leis an teampall a thógáil. Tá fuinneog i ngach ceann de na ceithre bhalla. Tá dhá chuasán sa bhalla ag an cheann thoir inar coinníodh soithí reiligiúnda. Tá iarmsaí reilige timpeall fhothrach an teampaill.
In aice láimhe, tháinig seandálaithe ar iarsmaí na lonnaíochta is sine dá bhuil ar eolas in Inse Gall Amuigh atá 9,000 bliain d’aois.
Tá ionad na gcuairteoirí Seallam i sráidbhaile An Taobh Tuath mar a bhfuil ionad taighde ginealais do na hInse Thiar.