Skip to main content
Colmcille Logo White

9.11 Cill Bharra, Barra

Is éard is Cill Bharra ná iarsmaí teampaill ón 12ú haois a bhí tiomnaithe do Naomh Barra. Meastar gur úsáideadh an suíomh le haghaidh adhradh Críostaí ó na 600í anall tráth a raibh teampall anseo a bhí tiomnaithe do Naomh Barra – is cosúil gur Naomh Fionnbharr as Corcaigh atá i gceist anseo.

Tá codanna de bhallaí thuaidh agus theas Chill Bharra fós ina seasamh. Féadann tú iarsmaí an bhundorais a fheiceáil sa bhalla thuaidh. Taobh leis tá balla séipéil eile ina fhothrach a dhátaíonn ó na 1400í anall.

 

© Alan Sproull

Ar thaobh amháin tá cros Chríostaí. Ar a cúl tá inscríbhinn i rúnscríbhinní Nordacha ó bun go barr ar thrí líne. Seo leanas mar atá na rúnscríbhinní tras-scríofa:-

…(t)ir·þ:ur·kirþu:s(t)in(a)r …r·is·kurs:sia(:)rstr …(k)a

as a ndéantar an abairt:-

…eftir Þorgerðu Steinar’s dóttur es kors sjá reistr

a aistrítear mar:-

‘I gcuimhne ar Þorgerðr Steinarsdóttir a thógtar an chros’ nó ‘Togadh an chros seo i gcuimhne ar Thorgerth, iníon Steinar’.

Ba iad rúnscríbhinní, ogham agus laidin na trí script scríofa a úsáideadh sa tréimhse seo. Tháinig na rúnscríbhinní ó Chríoch Lochlann. Bhí ogham in úsáid ag na Gaeil, na na Cruithnigh agus na hAlbanaigh – tá inscríbhinn oghaim le fáil ag an dún Cruithneach in Dunadd. Ba í an Laidin teanga na Críostaíochta agus leath sí leis an chreideamh. Ach, ní raibh léamh ná scríobh ag bunús na ndaoine.

Tá an chros snoite as cloch áitiúil agus tá sí 1.36 m ar airde. Tá an chloch neamhghnáth sa mhéid is go bhfuil meascán de shiombailí Críostaí agus Nordacha uirthi. Thángthas ar chloch Chill Bharra anseo ach tá an bunchloch anois i Músaem Náisiúnta Alban

Sa Teampall Thuaidh tá ceithre leac uaighe de chuid thaoisigh Mhic Néill. Fir as Oileán Í agus Oronsay a shnoigh na clocha seo agus tá siad cosúil ó thaobh stíle de leo siúd atá le fáil feadh cósta thiar Alban.

Agus é ag scríobh in 1703 ina ‘Description of the Western Isles’ deir Martin Martin,

‘The natives have St. Barr’s wooden image standing on the altar, covered with linen in form of a shirt; all their greatest asseverations are by this saint. I came very early in the morning with an intention to see this image, but was disappointed; for the natives prevented me by carrying it away, lest I might take occasion to ridicule their superstition, as some Protestants have done formerly; and when I was gone it was again exposed on the altar.

Tá scéal sa traidisiún áitiúil a deir gur duine de lucht leanúna Cholmcille é Fionnbharr a tháinig go Barra le muintir an oileáin a thabhairt chun creidimh. Loisceadh agus itheadh misinéir roimhe ach d’éirigh le Fionnbharr an Chríostaíocht a thabhairt go Barra. Nuair a tháinig an t-am dó an t-oileán a fhágáil, ghuigh Naomh Fionnbharr ar son mhuintir an oileáin agus ar imeacht dó cuireadh suas dealbh de. In 1625, luann an tAthair Cornelius Mac a’ Bhaird go bhfaca sé dealbh Naomh Fionnbharr sa teampall ag Cill Bharra. Riamh anall go dtí lár an 19ú haois ba ghnách le muintir an oileáin féile an naoimh a cheiliúradh le lá saoire ón obair, rásaíocht chapaill agus cluichí camánachta. Faoi lár an 20ú haois, ba ghnách le daoine fós a raibh cairde nó gaolta leo curtha ag Cill Bharra féile an naoimh a chomóradh trí lá scíthe a ghlacadh.

  • 9.1 Eaglais Chaluim Chille, Leódhas

    Is eaglais ón 14ú haois dhéanach í seo – a tiomnaíodh do Cholmcille – agus ar cuireadh léi sa 15ú haois agus sa 16ú haois. Ba í Eaglais Chaluim Chille an phríomheaglais ar Leòdhas sna meánaoiseanna. Ba iad na Leòdaich – Clann MhicLeòid a thóg í agus a thiomnaigh do...

  • 9.2 Teampall Mholuidh, Eoropie, Leòdhas

    Tá Eòropaidh suite ar rinn thiar thuaidh Leòdhais. Tá sé ar an bhailecheantar is faide ó thuaidh in Inse Gall Amuigh . Tá an teampall athchóirithe seo tiomnaithe do Mholuadh. Ar dhá thaobh an teampaill tá dhá shéipéal bheaga ar an taobh ó thuaidh agus an taobh ó dheas, a...

  • 9.3 Teampall Eoin, Bragar, Leódhas

    Tabhair d’aghaidh siar ó Bhragar, baile crochtóireachta, le teacht ar Theampull Eòin – Eoin Baiste - teampall meánaoiseach ar cheann tíre beag in aice leis an trá. Luíonn fothrach an teampaill i reilig atá in úsáid go fóill sa lá atá inniu ann. Tá an foirgneamh ina dhá chuid –...

  • 9.4 Leithinis Uig

    Taigh a’Bheannaich, Ceann Ghalláin, Aird, Uig Is é a chiallaíonn seo ná ‘Teach an Bheannaithe’ nó Teach na Beannachta’. Tá sé neamhchoitianta sa mhéid nach bhfuil sé tiomnaithe do naomh ar leith. Murab ionann agus na suíomhanna eile ar an tslí seo, tá an séipéal suite go hard ar aill...

  • 9.5 Teampall Chaluim Chille, Eilean Chaluim Chille, Leódhas

    Is cosúil go bhfuil nasc idir an t-oileán beag Eilean Chaluim Chille leis an Chríostaíocht ón 7ú haois anall. Tá sé suite ar an cheann is faide soir de Loch Èireasoirt ar an bhealach amach chuig an An Cuan Sgìth atá idir Leòdhas agus tír mór na hAlba Is cosúil...

  • 9.6 An Teampall, An Taobh Tuath, Harris Theas

    Tá aghaidh Theampall an Taobh Tuath ag breathnú ó dheas amach ar Chaolas Na Hearadh i dtreo Uidhist.. Tá sé suite ar cheann tíre beag - Rubha an Teampull – ag bun Bheinn Cheapabhail. Tá an teampall suite in áit álainn agus tá siúlóid 2.5 ciliméadar ar thalamh féarmhar i...

  • 9.7 Tùr Mòr Chliamainn, Rodel, Oileán Harris

    Is é seo an teampall meánaoiseach is mó in Inse Gall Amuigh. As measc na dteampall uile ar oileáin iarthar na hAlban, is é an teampall ar Oileán Í an t-aon cheann amháin is mó ná é. Tógadh sa 16ú haois é ach táthar den bharúil go mb’fhéidir go raibh...

  • 9.8 Teampull na Trianaid, Uibhist a Tuath

    Tá Teampall na Trianaid suite ar dhumha in aice le sráidbhaile Chàrinis. Tá radhairc siar uaidh ar reo oileáin íseal Bhaile Sear. Is iad iarsmaí Theampall na Trianaid is mó atá le feiceáil ar an suíomh. Is cosúil go raibh sraith lonnaíochtaí ar an suíomh seo sular tógadh an teampall...

  • 9.9 Cladh Mhuire agus Teampull Mhuire, BEINN NA FADHLA

    Tá an teampall meánaoiseach seo, atá ina bhallóg, suite i reilig atá in úsáid go fóill. Bhí an teampall dronuilleogach agus is léir go raibh díon ardchlaonta air. Is cinnte go raibh na ballaí i bhfad níos airde – is féidir barr an dorais a fheiceáil sa bhalla thiar. De...

  • 9.10 Tobha Mòr, Uibhist a Deas

    Tá baile Thobha Mòr - nó Howmore – ina luí idir an príomhbhóthar thuaidh-theas ar Uibhist a Deas agus an trá atá ar chuid mhór de imeall an oileáin. Istigh i measc na dtithe ceann tuí i dTobha Mor tá fothrach teampaill agus ceithre shéipéal. Agus é ag scríobh sa...

  • 9.11 Cill Bharra, Barra

    Is éard is Cill Bharra ná iarsmaí teampaill ón 12ú haois a bhí tiomnaithe do Naomh Barra. Meastar gur úsáideadh an suíomh le haghaidh adhradh Críostaí ó na 600í anall tráth a raibh teampall anseo a bhí tiomnaithe do Naomh Barra – is cosúil gur Naomh Fionnbharr as Corcaigh atá...


FnaG
BnaG
Nhún na nGall
Derry City
Oideas Gael
Museum Nan Eilean
Comunn Eachdraidh Nis
Argyll Bute
colmcille
colmcille 1500

Bòrd na Gàidhlig

Great Glen House
Leachkin Road
Inverness
Scotland, IV3 8NW

(+44) 01463 225454
colmcille@gaidhlig.scot

Colmcille

Foras na Gaeilge, 2-6 Queen Street
Belfast
Northern Ireland
BT1 6ED

(+44) 028 9089 0970
colmcille@forasnagaeilge.ie

Colmcille

Foras na Gaeilge, An Chrannóg
Na Doirí Beaga
Gaoth Dobhair
Donegal, Ireland. F92 EYT3

(+353) 074 9560113
colmcille@forasnagaeilge.ie